Bhí siad ag fágáil na scoile ag 13 nó 14 bliana agus ag obair. D'imigh cuid acu amach an Lagáin ar fostaíoch. Chuidigh seisean lena athair ag obair ar an mhóin agus na ba. Bhí siad ag díol na móna, bhí airgead gann san am. D'oibir siad an talamh chomh maith, bhí caoraigh acu agus thugadh siad na mhargaidh iad achan mhí. Bhí Aonach i Ráth Mealtain agus théadh siad ann go minic le eallach.